All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesSheol Misean an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide a Chatalóg Tionscadal Misin, lena dtugtar forléargas cuimsitheach ar na 46 thionscadal uile a mhaoinítear faoin gclár Fís Eorpach atá ag cabhrú le pobail ar fud na hEorpa iad féin a chur in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide.
Is iad na tionscadail sin, atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA), croílár iarrachtaí an Mhisin chun tacú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla athléimneacht a fhorbairt. Ó réitigh dhúlrabhunaithe agus córais luathrabhaidh go rannpháirtíocht saoránach agus nuálaíocht beartais, tá cineálacha cur chuige praiticiúla maidir le hoiriúnú don athrú aeráide á bhforbairt agus á dtástáil ag gach tionscadal.
Tugtar le chéile i gCatalóg na dTionscadal Misin príomhfhaisnéis maidir le gach tionscnamh, agus béim á leagan ar a gcuspóirí, a n-éachtaí, a rioscaí aeráide spriocdhírithe, agus na réigiúin lena mbaineann. Ceapadh an Chatalóg mar acmhainn sholáimhsithe agus cuidíonn sí le páirtithe leasmhara sineirgí a fhiosrú ar fud earnálacha, réitigh inaistrithe a shainaithint, agus rochtain a fháil ar inspioráid le haghaidh gníomhaíocht áitiúil.
Cuimsíonn na Tionscadail Mhisin comhthéacsanna geografacha agus aeráide éagsúla, rud a léiríonn raon leathan na ndúshlán oiriúnaithe ar fud an Aontais. Tá siad ailínithe freisin le príomhspriocanna an Mhisin maidir le hullmhacht a mhéadú, claochlú a chumasú, agus athléimneacht a neartú.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?
