All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesAithnítear sa Dearbhú gur gá do rialtais pobail a chosaint agus córais cúraim sláinte a ullmhú chun déileáil le tionchair sláinte a bhaineann leis an aeráid amhail teas foircneach, truailliú aeir agus galair thógálacha. Cumhdaítear leis raon réimsí gníomhaíochta ag an nasc idir an aeráid agus an tsláinte, lena n-áirítear córais sláinte atá níos athléimní ó thaobh na haeráide de a thógáil, comhar trasearnála a neartú chun astaíochtaí a laghdú agus na tairbhí sláinte a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide a uasmhéadú, chomh maith leis an maoiniú méadaitheach le haghaidh réitigh aeráide agus sláinte.
Is féidir féachaint ar an Dearbhú agus ar shínitheoirí an Dearbhaithe ar shuíomh gréasáin COP28.
An 3 Nollaig, thacaigh an Coimisiún Eorpach freisin, thar ceann an Aontais, leis an Dearbhú maidir leis an Aeráid agus an tSláinte.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?