All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesChun tacú leis na húdaráis réigiúnacha pleananna oiriúnaithe don athrú aeráide a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, cuirtear eolas, sonraí agus uirlisí atá ábhartha don scála réigiúnach ar fáil ar thairseach an Mhisin.
Is é is aidhm don Uirlis Tacaíochta Réigiúnach um Oiriúnú (RAST) cúnamh a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha sna céimeanna éagsúla a bhaineann le pleananna oiriúnaithe don athrú aeráide a fhorbairt. Maidir le gach céim den phróiseas pleanála, soláthraíonn RAST treoir agus acmhainní ábhartha amhail tuarascálacha, táscairí agus naisc chuig ardáin faisnéise eile.
Beidh tionchair an athraithe aeráide éagsúil ó réigiún go réigiún. Tá sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar an leochaileacht shonrach agus ar na rioscaí sonracha chun gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a phleanáil agus a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach. Tugann an Deais Oiriúnaithe rochtain éasca ar fhorbhreathnú ar na sonraí is ábhartha is féidir le réigiúin a úsáid agus a bpleananna oiriúnaithe á bhforbairt acu.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?