All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesCur síos
Ag deireadh mhí na Nollag 2013, foilsíodh na Bunrialacháin don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) athchóirithe san Iris Oifigiúil, tar éis do Pharlaimint na hEorpa (PE) agus don Chomhairle iad a ghlacadh.
A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an athchóirithe, d’oibrigh an Coimisiún le saineolaithe ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa le míonna beaga anuas chun na Gníomhartha Tarmligthe a ullmhú, agus inniu ghlac sé 10 nGníomh Tarmligthe ina sonraítear rialacha lena bhforlíontar agus lena leasaítear na Bunrialacháin (féach IP/14/231). Ina theannta sin, tá an Coimisiún, le cúnamh ó na Coistí ábhartha le saineolaithe na mBallstát, i mbun na Gníomhartha Cur Chun Feidhme a thabhairt chun críche.
Déantar achoimre sa doiciméad seo ar na príomhghnéithe a chumhdaítear leis na Gníomhartha Tarmligthe éagsúla, is iad sin i) na hÍocaíochtaí Díreacha, ii) Comheagrú na Margaí (CEM), iii) an Fhorbairt Tuaithe agus, iv) an Rialachán Cothrománach maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air.
Eolas tagartha
Láithreáin Ghréasáin:
Foinse:
Arna fhoilsiú in Climate-ADAPT: Apr 20, 2025
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?