All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesTá tuarascáil curtha i dtoll a chéile ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) dar teideal ‘Dúshláin agus deiseanna oiriúnaithe do chóras fuinnimh na hEorpa: córas fuinnimh ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a thógáil’. Déantar measúnú sa tuarascáil seo ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar an gcóras fuinnimh atá ann faoi láthair san Eoraip. Seolfar an tuarascáil EEA seo an 18 Meitheamh sa Bhruiséil le linn seisiún tiomnaithe ag Comhdháil Bheartais Sheachtain Fuinnimh Inbhuanaithe an AE, i gcomhar le páirtithe leasmhara sinsearacha ón gCoimisiún Eorpach agus eagraíochtaí eile. Más mian leat freastal ar an ócáid seolta, cláraigh don Chomhdháil Bheartais faoin 21 Bealtaine (saor in aisce) agus déan cinnte go gcláraíonn tú go sonrach don seisiún seo: ‘18 Meitheamh 2019, 14:00-15:30. An córas fuinnimh Eorpach a ullmhú le haghaidh thionchair an athraithe aeráide (An t-aistriú fuinnimh, I40)’.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?