All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesMar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, tá straitéis nua de chuid an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide á hullmhú ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair, straitéis a oibreoidh chun na príomhrioscaí, lena n-áirítear na rioscaí don tsláinte, a shainaithint agus a íoslaghdú. Seoladh comhairliúchán poiblí ar an straitéis seo le déanaí. Sa seimineár gréasáin idirghníomhach seo, atá á óstáil ag Ardán Bheartas Sláinte an Aontais Eorpaigh, cuirfear obair an Aontais sa réimse sin i láthair. Beidh príomhshaineolaithe ó stiúrthóireachtaí sláinte poiblí agus aeráide an Choimisiúin Eorpaigh, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin rannpháirteach.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?