All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesD’iarr Tedros Adhanom Ghebreyesus, Ard-Stiúrthóir WHO, ag an gcomhdháil aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar bhunchúiseanna an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta, agus ullmhú dá dtionchar. Roinn roinnt ionadaithe ó aireachtaí sláinte agus comhshaoil an tuiscint go bhfuil na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht ard, agus go bhfuil gá le tiomantas níos mó chun galair agus drochshláinte a chosc.
Tugtar tús áite sa dearbhú do ghníomhaíocht phráinneach fhorleathan maidir le dúshláin sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide, le truailliú an chomhshaoil, le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú talún agus is é is aidhm dó dlús a chur leis an aistriú cóir i dtreo sochaithe athléimneacha, sláintiúla, cothroma agus inbhuanaithe. Chun tacú leis na cumais chun gealltanais a thug tíortha sínithe Réigiún Eorpach EDS a chomhlíonadh (agus an Rúis amháin ag tarraingt siar), díríonn an Dearbhú freisin ar rialachas a neartú, infheistíocht a dhéanamh in acmhainní daonna, agus eolas agus uirlisí le haghaidh gníomhaíochta a chur chun cinn. Bainfidh tíortha úsáid as an ‘Treochlárdo dhaoine níos sláintiúla, do phláinéad rathúil agus do thodhchaí inbhuanaithe 2023–2030’,ina mbeidh sraith gníomhaíochtaí, chun dlús a chur leis na haistrithe is gá chun pobail inbhuanaithe a bhaint amach. Mínítear sa Treochlár an fáth a bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach i réimse ar leith, tugtar liosta gealltanas is féidir le tíortha a mheas, agus moltar bearta chun iad a bhaint amach.
Chun dlús a chur le cur chun feidhme na ngealltanas, seoladh Comhpháirtíochtaí an Phróisis Eorpaigh Comhshaoil agus Sláinte (EHP) mar shásra nua atá dírithe ar ghníomhaíocht. Is é is aidhm dó tíortha agus comhpháirtithe a bhfuil leas coiteann acu i réimse téamach ar leith a thabhairt le chéile chun oibriú le chéile ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha. Seoladh ceithre Chomhpháirtíocht EHP ag an gComhdháil, lena n-áirítear maidir le bithfhaireachán daonna, sineirgí san earnáil sláinte maidir le gníomhú ar son na haeráide, soghluaisteacht shláintiúil agus comhar leis an óige. Tá sé mar aidhm ag Comhpháirtíocht na hEarnála Sláinte um Ghníomhú ar son na hAeráide pobal cleachtais réigiúnach a sholáthar chun cineálacha cur chuige, taithí agus taighde a roinnt de réir mar a leagann tíortha amach conairí agus réitigh chun córais sláinte atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, ísealcharbóin agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a fhorbairt.
I gcomhthéacs an bheartais Eorpaigh, tacóidh an dearbhú leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais, le Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht, le Straitéis an Aontais ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, le Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht an Aontais, le Fís 2020 agus le Fís Eorpach, le Rialachán an Aontais maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus le Plean Sáraithe Ailse an Aontais.
Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?