All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodies1.3 Meastachán a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá agus foinsí féideartha cistiúcháin fhadtéarmaigh a shainaithint
D’fhonn beartas oiriúnúcháin a chur ar bun go rathúil, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a mheas agus faireachán a dhéanamh air, tá gá le pearsanra, am oibre agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha le haghaidh comhordaithe, agus ní mór é sin a áirithiú san fhadtéarma.
Toisc ábhartha eile is ea cistiú, bíodh sin cistiú ón leibhéal náisiúnta, ó ionstraimí an Aontais nó ó chistí réigiúnacha agus áitiúla, agus ó roinnt institiúidí idirnáisiúnta maoinithe, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) nó an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF). Tá sé ríthábhachtach cistiú a rochtain agus a chomhcheangal, go háirithe ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha atá faoi bhun leibhéal an Aontais.
I measc na gclár de chuid an Aontais, ar dócha go gcuirfidh siad cómhaoiniú ar fáil faoi bhainistíocht chomhroinnte le haghaidh oiriúnú (tá go leor acu ann cheana féin) tá: an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, clár LIFE, CBT (go príomha an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe); an Ciste Comhtháthaithe; Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (go háirithe trí INTERREG); Fís Eorpach; an Ciste um Aistriú Cóir; Ciste Sóisialta na hEorpa; an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus cistí eile.
Agus gníomhaíocht oiriúnúcháin á cur chun feidhme, beidh sé ríthábhachtach príomhshruthú a dhéanamh arb é is aidhm dó sineirgí a chruthú agus costais neamhriachtanacha a chosc. Is féidir gníomhaíocht oiriúnúcháin a chomhtháthú ar chostas íseal in ionstraimí atá ann cheana le haghaidh beartais earnála e.g. trí phríomhshruthú.
Tá eolas ábhartha faoi mhaoiniú ón Aontas le haghaidh oiriúnú le fáil anseo.
.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?