European Union flag
Cuireadh an réad seo sa chartlann toisc go bhfuil a inneachar as dáta. Is féidir leat rochtain a fháil air mar oidhreacht fós.

Creatchlár an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus um Nuálaíocht — Fís 2020

Is ionstraim airgeadais éFís 2020 lena gcuirtear an tAontas Nuálaíochta chun feidhme, ar tionscnamh suaitheanta de chuid Eoraip 2020 é atá dírithe ar iomaíochas domhanda na hEorpa a chinntiú. Idir 2014 agus 2020 agus buiséad díreach os cionn EUR 70 billiún ag gabháil leis, tá clár nua an Aontais don taighde agus don nuálaíocht ina chuid den iarracht chun fás agus poist nua a chruthú san Eoraip.

Le Fís 2020, cuirtear simpliú mór ar fáil trí shraith amháin rialacha. Comhcheanglófar ann an maoiniú ar fad don taighde agus don nuálaíocht a chuirtear ar fáil faoi láthair trí na Cláir Réime um Thaighde agus um Fhorbairt Theicniúil, trí ghníomhaíochtaí an Chláir Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (CIP)a bhaineann leis an nuálaíocht agus tríd an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).

Rachaidh Fís 2020 i ngleic le dúshláin shochaíocha trí chuidiú leis an mbearna idir an taighde agus an margadh a dhúnadh, mar shampla, trí chabhrú le fiontair nuálacha an dul chun cinn teicneolaíoch atá déanta acu a fhorbairt chun táirgí inmharthana a bhfuil acmhainneacht tráchtála iarbhír acu a dhéanamh díobh. Áireofar leis an gcur chuige margadhthiomáinte sin comhpháirtíochtaí a chruthú leis an earnáil phríobháideach agus leis na Ballstáit chun na hacmhainní is gá a thabhairt le chéile.

Tosaíocht thrasearnálach thábhachtach de chuid Fís 2020 a bheidh sa chomhar idirnáisiúnta. Chomh maith le Fís 2020 a bheith oscailte go hiomlán do rannpháirtíocht idirnáisiúnta, díreoidh gníomhaíochtaí spriocdhírithe le príomhthíortha comhpháirtíochta agus le príomhréigiúin chomhpháirtíochta ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais. Trí straitéis nua, áiritheofar cur chuige straitéiseach agus comhleanúnach maidir le comhar idirnáisiúnta ar fud Fís 2020.

Language preference detected

Do you want to see the page translated into ?

Exclusion of liability
This translation is generated by eTranslation, a machine translation tool provided by the European Commission.