All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesCistí LIFE+ i ndiaidh 2013
Tá an ionstraim LIFE+ a bheidh ann amach anseo ceaptha chun díriú go sonrach ar bhearta maidir leis an gcomhshaol agus maidir le maolú ar an athrú aeráide/oiriúnú don athrú sin. Is é EUR 3.2 billiún an buiséad atá beartaithe don chéim nua 2014-2020. Beidh fochláir don chomhshaol agus don athrú aeráide ag an gciste. Is é an cuspóir a bheidh ag an bhfochlár don athrú aeráide ‘rannchuidiú le cur chun feidhme, nuashonrú agus forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an aeráid, lena n-áirítear ábhair imní maidir leis an aeráid a chomhtháthú i mbeartais ábhartha eile, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóirí sonracha an Aontais maidir leis an aeráid a bhaint amach’.
Faoin gclár LIFE nua (2014-2020) moltar cúig phríomhchatagóir gníomhaíochtaí le haghaidh cómhaoinithe faoin ionstraim seo:
- Comhroinnt eolais — acmhainneacht a fhorbairt trí réitigh dea-chleachtais nó dea-chleachtais a chomhroinnt;
- Gníomhaíocht chomhoibríoch — acmhainneacht a fhothú trí oibriú le chéile;
- Treoirthionscadail chun réitigh a thástáil agus a léiriú — beartas, teicneolaíocht, teicniúil agus airgeadais;
- Staidéir chun tacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus
- Cumarsáid agus ardú feasachta.
Cuireann LIFE tacaíocht airgeadais ar fáil trí dheontais ghníomhaíochta agus maoinítear formhór na dtionscadal ar ráta thart ar 50 %. Áirítear leis freisin deontais oibriúcháin d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ‘gníomhach go príomha i gcosaint agus i bhfeabhsú an chomhshaoil ar an leibhéal Eorpach agus a bhfuil baint acu le beartas agus reachtaíocht an Chomhphobail a fhorbairt agus a chur chun feidhme’. I gcás na n-eagraíochtaí sin, athraíonn ranníocaíocht Bhuiséad an Aontais ó 15 % go 70 %.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?