Measúnú a dhéanamh ar riosca an athraithe aeráide ar bhealach atá comhchuibhithe go hidirnáisiúnta
News Item
Bunaithe ar thionscnamh ón nGearmáin agus ón gCóiré Theas, d’fhoilsigh Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) caighdeán nua maidir le measúnú riosca ar an athrú aeráide i sraith oiriúnaithe aeráide ISO. Leis an gcaighdeán seo, ISO 14091, Adaptation to climate change — Guidelines on vulnerability, impacts and risk assessment [Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca], 2021-02, tugtar tuairisc ar conas leochaileacht eagraíochta a thuiscint agus conas measúnú riosca fónta a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhthéacs an athraithe aeráide, anois agus amach anseo. Forbraíodh an doiciméad ag an am céanna leis an gcaighdeán Eorpach agus foilseofar go luath é mar EN ISO 14091.
Léigh tuilleadh ar shuíomh gréasáin ISO.