Glao ar ghníomhaíochtaí taighde comhoibríocha maidir leis an aeráid agus leis an oidhreacht chultúrtha
News Item
Is tionscnamh de chuid an phobail eolaíochta dhomhanda é Fóram Belmont lena n-áirítear eagraíochtaí eolaíochta Eorpacha chun tacú le taighde trasdisciplíneach idirnáisiúnta chun athrú comhshaoil domhanda a thuiscint, a mhaolú agus a oiriúnú. Is é is aidhm do ghlao nua tacú le cineálacha cur chuige taighde trasdisciplíneacha agus cóineasaithe maidir leis an oidhreacht chultúrtha agus leis an athrú aeráide, comhar a chothú i measc an phobail taighde ar fud roinnt réigiún, agus cur le dul chun cinn eolais agus le hathrú beartais ar an leibhéal domhanda. Ceann de théamaí an ghlao is ea an oidhreacht chultúrtha mar acmhainn don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú sin.
Léigh tuilleadh ar shuíomh gréasáin Fhóram Belmont.