Glao ar léiriú spéise: Comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch Eorpaigh maidir leis an Athrú Aeráide a ainmniú
News Item
Tá glao ar léirithe spéise á eisiúint ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus é mar aidhm aici comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch Eorpaigh maidir leis an Athrú Aeráide a ainmniú. Cuirfidh an Bord Comhairleach comhairle eolaíoch neamhspleách ar fáil agus soláthróidh sé tuarascálacha ar bhearta an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, spriocanna aeráide agus buiséid tháscacha gás ceaptha teasa agus ar a gcomhleanúnachas le dlí aeráide na hEorpa agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras. Dáta Deiridh: 1 Samhain 2021.
Léigh tuilleadh ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil