Straitéis nua molta ag an gCoimisiún Eorpach chun foraoisí an Aontais a chosaint agus a athbhunú
News Item
Le glacadh Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030, tionscnamh suaitheanta de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chuireann le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, tá straitéis nua á moladh ag an Aontas a chuireann leis an bpacáiste beart ‘Fitfor55’ atá beartaithe chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Is comhghuaillí nádúrtha iad foraoisí chun dul in oiriúint don athrú aeráide agus do chailliúint na bithéagsúlachta agus chun iad a chomhrac, agus beidh ról ríthábhachtach acu chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
Tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.