Foilsíodh tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil: ‘Tá guaiseacha aeráide ag dul i méid ó thaobh minicíochta agus déine de ar fud na hEorpa’
News Item
Ós rud é go bhfuil teagmhais adhaimsire agus guaiseacha aeráide eile ag dul i méid ó thaobh minicíochta agus déine de ar fud na hEorpa, tá gá le faisnéis láidir chun rioscaí aeráide a mheasúnú agus chun pleanáil don oiriúnú. Tugann tuarascáil idirghníomhach nua na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) forléargas ar na hathruithe a tharla san am a chuaigh thart agus ar na hathruithe réamh-mheasta ar na guaiseacha aeráide is tábhachtaí san Eoraip agus ar an tionchar a bhíonn acu ar réigiúin na hEorpa. Tá sé thar a bheith luachmhar do lucht déanta beartas agus do shaineolaithe a bhfuil baint acu le measúnú riosca aeráide agus pleanáil oiriúnaithe. Braitheann an tuarascáil go láidir ar an Taiscéalaí Sonraí Aeráide Eorpach (arna fhoilsiú ar Climate-ADAPT), a forbraíodh i gcomhpháirt le Seirbhís Copernicus um an Athrú Aeráide.
Íoslódáil an tuarascáil agus léigh tuilleadh ar shuíomh gréasáin an EEA.