An Comhaontú Glas: Infheistíonn an AE níos mó ná EUR 110 milliún i dtionscadail LIFE don chomhshaol agus don aeráid in aon tír déag de chuid an AE
News Item
D’fhógair an Coimisiún Eorpach infheistíocht de níos mó ná EUR 110 milliún i dtionscadail chomhtháite clár LIFE do chosaint an chomhshaoil agus na haeráide. Tacóidh an maoiniú le mórthionscadail nua chomhshaoil agus aeráide in 11 Bhallstát: An Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn agus an tSlóivéin. Cuireann na tionscadail le téarnamh glas ó phaindéim COVID-19 agus tacaíonn siad le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an Aontas a dhéanamh aeráidneodrach agus saor ó thruailliú faoi 2050.
Tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh