Rochtain éasca ar Shonraí Copernicus maidir leis an Athrú Aeráide a chur ar fáil tríd an Taiscéalaí Sonraí Aeráide Eorpach
News Item
Soláthraíonn an Taiscéalaí Sonraí Aeráide Eorpach, a d’fhorbair Seirbhísí Copernicus um an Athrú Aeráide (C3S) agus EEA i gcomhpháirt, rochtain éasca ar athróga aeráide agus ar tháscairí tionchair aeráide ó Stór Sonraí Aeráide C3S. Cumasaíonn sé freisin zúmáil isteach ar léarscáileanna chun díriú ar réigiúin spéise níos lú; áirítear ann amshraitheanna do réigiúin shonracha, agus is féidir le húsáideoirí íomhánna agus sonraí a easpórtáil. Tá an uirlis nua seo beartaithe chun tacú le tíortha Eorpacha a straitéisí náisiúnta, fonáisiúnta agus áitiúla maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Déanfar é a leathnú amach anseo le hinnéacsanna breise, foinsí nua sonraí agus feidhmiúlachtaí breise.
Téigh chuig an Taiscéalaí Sonraí Aeráide seo ar shuíomh gréasáin Climate-ADAPT (rannán Eolas).