Téann an Mhacadóin Thuaidh isteach i gclár LIFE an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide
News Item
Is í an Mhacadóin Thuaidh an ceathrú tír nach bhfuil san Aontas a ghlac páirt i gclár LIFE don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide, i ndiaidh na hÍoslainne, na hÚcráine agus na Moldóive. Trí pháirt a ghlacadh sa chlár sin, beidh an deis ag an Macadóin Thuaidh tairbhe a bhaint as tacaíocht LIFE chun acmhainní poiblí agus príobháideacha a shlógadh don ghníomhú ar son na haeráide, do chosaint na bithéagsúlachta, don gheilleagar ciorclach agus don aistriú chuig fuinneamh glan.
Léigh tuilleadh ar leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Fuinneamh, an tAthrú Aeráide, an Comhshaol.