Trí thuarascáil nua ar eacnamaíocht maidir le tubaistí a chosc agus ullmhacht ina leith
News Item
Bunaithe ar thaighde ón mBanc Domhanda agus ón gCoimisiún Eorpach, dírítear i dtrí thuarascáil nua ar thosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí in athléimneacht ó thubaistí agus ón aeráid, ar oiriúnú don athrú aeráide a chostáil, agus ar athléimneacht airgeadais a chur chun cinn. Cuireann siad fianaise, sonraí agus uirlisí ar fáil do chinnteoirí agus do chleachtóirí chun feabhas a chur ar athléimneacht ó thubaistí agus ón aeráid san Eoraip, rud a chuireann le hinfheistíochtaí níos éifeachtaí agus níos straitéisí i gcosc, ullmhacht agus oiriúnú. Áirítear ar na torthaí ó na tuarascálacha sin gur gá do thíortha tosú ar chonairí oiriúnaithe a fhorbairt trí fhaisnéis maidir le rioscaí aeráide atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chomhcheangal le saineolas ildisciplíneach.
Is féidir na tuarascálacha a íoslódáil anseo.