Tuarascáil WMO ar Staid na hAeráide Domhanda in 2021: taifid briste ar cheithre phríomhtháscaire maidir leis an athrú aeráide
News Item
Leagadh síos taifid nua in 2021 le ceithre phríomhtháscaire maidir leis an athrú aeráide — tiúchan gás ceaptha teasa, ardú ar leibhéal na farraige, teas na n-aigéan agus aigéadú na n-aigéan. De réir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta (WMO), is comhartha soiléir eile é seo go bhfuil gníomhaíochtaí an duine ag cruthú athruithe ar scála an phláinéid ar thalamh, san aigéan, agus san atmaisféar, le hiarmhairtí díobhálacha agus fadtéarmacha d’fhorbairt inbhuanaithe agus d’éiceachórais. Bhí cuid de na tuilte is measa a taifeadadh riamh in Iarthar na hEorpa i lár mhí Iúil bainteach le caillteanais mhóra eacnamaíocha sa Ghearmáin.
Léigh tuilleadh agus íoslódáil an tuarascáil ó shuíomh gréasáin WMO.