All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesIs iad beartais an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, maidir leis an tsláinte agus maidir le roinnt réimsí eile, gníomhaireachtaí agus údaráis Eorpacha éagsúla, agus clár cistiúcháin Fís Eorpach le haghaidh taighde agus nuálaíochta an creat beartais Eorpach le haghaidh beartais atá ábhartha maidir le tionchair an athraithe aeráide ar an tsláinte.
Is éard atá sa chreat beartais Eorpach beartais shonracha de chuid an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus gníomhaíochtaí comhordaithe maidir leis an tsláinte. Ina theannta sin, le roinnt réimsí beartais eile, lena n-áirítear e.g. bithéagsúlacht, fuinneamh, an timpeallacht thógtha, airgeadas, nó uisce, is féidir freagairt do rioscaí sláinte a bhaineann leis an aeráid. Chun tacú le freagairtí comhordaithe san Aontas agus chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí sláinte de dheasca an athraithe aeráide, iad a chosc agus ullmhú dóibh, tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí agus údaráis éagsúla Eorpacha, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), agus an tÚdarás Eorpach um Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte agus Ullmhacht (HERA). Taighde agus nuálaíocht, déantar an trasnú idir an t-athrú aeráide agus an tsláinte san Aontas a chistiú faoin gclár cistiúcháin Fís Eorpach (a bheidh ar siúl go dtí 2027).
An aeráid agus an tsláinte i bpríomhdhoiciméid bheartais an Aontais
In 2019, leagadh amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip an straitéis fáis chun sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus ‘sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol’.
Ceann de na sé chuspóir tosaíochta théamacha idirnasctha den 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2030 (‘an 8ú CGC’) is ea dul chun cinn leanúnach maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú agus a phríomhshruthú, lena n-áirítear ar bhonn cuir chuige éiceachórais, athléimneacht agus oiriúnú a neartú agus leochaileacht an chomhshaoil, na sochaí agus gach earnála den gheilleagar i leith an athraithe aeráide a laghdú, agus cosc tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid agus ullmhacht ina leith a fheabhsú ag an am céanna. Luaitear sa doiciméad freisin gur cheart tús áite a thabhairt do spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach go pras agus sláinte agus folláine daoine a chosaint ar rioscaí agus tionchair chomhshaoil agus aistriú cóir cuimsitheach a áirithiú ag an am céanna. Aithnítear freisin san 8ú CGC an gá atá le comhordú feabhsaithe idir beartais chomhshaoil agus sláinte chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a neartú, go háirithe i bpobail leochaileacha.
Le Compás Iomaíochais mhí Eanáir 2025, cuirtear an creat straitéiseach ar fáil chun obair an Choimisiúin Eorpaigh a stiúradh go dtí 2029. Luaitear ann nach mór don Aontas agus do na Ballstáit feabhas a chur ar a n-athléimneacht agus dlús a chur lena n-ullmhacht, measúnuithe riosca aeráide a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú. Tá athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chomhtháthú sa phleanáil uirbeach, réitigh dhúlrabhunaithe a chur in úsáid, creidmheasanna dúlra agus oiriúnú a fhorbairt sa talmhaíocht agus slándáil bia á caomhnú ag an am céanna, i measc na roghanna freisin chun geilleagar agus sochaí an Aontais a chosaint ar na tubaistí nádúrtha is measa amhail tuilte, triomaigh, falscaithe agus stoirmeacha a chuireann slabhraí soláthair agus láithreáin táirgthe i mbaol.
Le hAirteagal 5 den Dlí Aeráide Eorpach, a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021, cuirtear oibleagáid dhlíthiúil ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit oiriúnú don athrú aeráide, lena gceanglaítear orthu ‘dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras’. Chomh maith leis sin,cuirfear san áireamh i mbeartais oiriúnaithe na mBallstát ‘leochaileacht ar leith na n-earnálacha ábhartha’, comhtháthófar ‘oiriúnú don athrú aeráide ar bhealach comhsheasmhach i ngach réimse beartais’, agus ‘díreofar, go háirithe, ar na pobail agus ar na hearnálacha is leochailí agus is mó atá buailte’.
I mí Feabhra 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach an Teachtaireacht dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide]. Leagtar amach ann fís fhadtéarmach don Aontas chun bheith ina shochaí aeráid-díonach, a bheidh in oiriúint go hiomlán do thionchair dhosheachanta an athraithe aeráide faoi 2050, agus luaitear ann freisin an gá atá le tuiscint níos doimhne ar na rioscaí aeráide don tsláinte. Príomhghníomhaíocht faoin straitéis seo is ea an Fhaireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte.Tá ról ríthábhachtach ag an bhFaireachlann maidir le heolas ar thionchair sláinte a bhaineann leis an aeráid a bhailiú agus a scaipeadh, forbairt beartais a éascú, agus tacú le pleanáil oiriúnaithe.
D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an chéad Mheasúnú Eorpach ar Riosca Aeráide (EUCRA) i mí an Mhárta 2024. Déanann EUCRA measúnú ar thionchair agus rioscaí móra a bhaineann leis an athrú aeráide – lena n-áirítear iad siúd don tsláinte phoiblí, go háirithe ó theas – san Eoraip, agus tugann sé rabhadh go bhfuil leibhéil chriticiúla bainte amach ag go leor de na rioscaí sin cheana féin agus go bhféadfaidís éirí tubaisteach gan gníomhaíocht phráinneach chinntitheach. Mar fhreagairt ar EUCRA, d’eisigh an Coimisiún Eorpach an Teachtaireacht ‘Rioscaíaeráide a bhainistiú - daoine agus rathúnas a chosaint’. Sainaithnítear ann réitigh a fhágann gur fearr is féidir le córais riaracháin san Aontas agus ina Bhallstáit déileáil le rioscaí aeráide, agus gníomhaíochtaí sonracha le haghaidh braislí a n-imrítear tionchar orthu (lena n-áirítear an tsláinte), a thabharfaidh an Coimisiún ar aghaidh. Leagtar béim sa Teachtaireacht ar an ngá atá le córais luathrabhaidh, pleanáil cúraim sláinte atá bunaithe ar an aeráid, agus taighde ar ghalair atá íogair ó thaobh na haeráide de agus an aeráid agus an tsláinte á gcomhtháthú i mbeartais atá ann cheana ag an am céanna. Tugann sé tosaíocht d’fheabhsuithe ar cháilíocht an aeir, do phleananna gníomhaíochta neartaithe maidir le sláinte teasa, agus do reachtaíocht maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde. Ina theannta sin, cuirtear i dtábhacht inti an Fhaireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte, sásraí feabhsaithe faireachais agus freagartha, slógadh leighis trasteorann, agus rochtain shlán ar fhrithbhearta leighis criticiúla chun athléimneacht i gcoinne bagairtí sláinte a bhaineann leis an aeráid a neartú.
Leagtar amach sna treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2024-2029 bunú Plean Eorpaigh um Oiriúnú don Athrú Aeráide (ECAP) arb é is aidhm dó feabhas a chur ar chumais ullmhachta agus pleanála na mBallstát, agus measúnuithe riosca eolaíochtbhunaithe rialta á n-áirithiú ag an am céanna. Tabharfaidh ECAP aghaidh ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach go mbeadh cur chuige cuimsitheach, uile-ghuaise agus uile-shochaí ann chun rioscaí aeráide a bhainistiú. Mar phríomhchuid de chlár oibre beartais níos leithne, in éineacht le tionscnaimh shuaitheanta eile, féachann ECAP le táirgiúlacht, slándáil agus rathúnas na hEorpa a chosaint, agus a hiomaíochas a fheabhsú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach pacáiste beartais ECAP a ghlacadh sa dara leath de 2026. Leis an bplean sin, déanfar measúnú ar thionchair agus rioscaí aeráide ar fud earnálacha amhail bonneagar, fuinneamh, uisce, bia agus talamh i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, agus fiosrófar dreasachtaí le haghaidh réitigh dhúlrabhunaithe. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún maoiniú athléimneachta a mhéadú agus acmhainní poiblí a ghiaráil go straitéiseach chun leas iomlán a bhaint as infheistíocht na hearnála príobháidí san athléimneacht. Feidhmeoidh ECAP i gcomhar le tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear an Straitéis Athléimneachta Uisce, an Compás Iomaíochais, agus Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta.
I Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta, a glacadh i mí an Mhárta 2025, sainaithnítear rioscaí aeráide i measc na mbagairtí atá ann faoi láthair. Leagtar béim ann ar an ngá atá leis na rioscaí sin a réamh-mheas agus a chosc trí aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach cuimsitheach, agus machnamh á dhéanamh ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad agus ar an gcaoi a mbíonn siad ina gcúis le héifeachtaí diana. Tá sé beartaithe aige measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar rioscaí agus bagairtí ar fud earnálacha éagsúla san Aontas. Is é is aidhm don straitéis athléimneacht a chothú i mbeartais an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos láidre i gcoinne dúshláin aeráide chun géarchéimeanna amach anseo a chosc. Seachas tagairt a dhéanamh do ECAP, geallann sé an bhearna i gcumhdach árachais a dhúnadh. Féachfaidh Coimisiún Euroepan ar réitigh, agus moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus ó údaráis ábhartha eile á gcur san áireamh, chun cosaint árachais níos fearr i gcoinne rioscaí aeráide a áirithiú do dhaonra na hEorpa.
Faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Dá bhrí sin, comhlánaíonn beartas sláinte an Aontais beartais náisiúnta, agus cinntíonn sé cosaint sláinte i mbeartais uile an Aontais. Mar shampla, chun ullmhacht agus comhordú na bhfreagairtí ar bhagairtí sláinte a neartú, ghlac an tAontas in 2022 Rialachán 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, lena n-aisghairtear Cinneadh 1082/2013/AE. Tugann sé sainordú láidir cuimsitheach don Aontas maidir le comhordú agus comhar chun freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. Is é is aidhm dó pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a neartú; faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch a threisiú; feabhas a chur ar thuairisciú sonraí; agus comhordú an Aontais a neartú.
Tá Aontas Sláinte Eorpach láidir á thógáil ag an gCoimisiún Eorpach chun comhordú bagairtí tromchúiseacha trasteorann a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear bagairtí a bhaineann le dálaí comhshaoil agus aeráide. De réir na Teachtaireachta: Aontas Sláinte na hEorpa a thógáil - ullmhacht agus athléimneacht, cuireann Aontas Sláinte na hEorpa le hiarracht chomhpháirteach an Aontais an caidreamh leis an timpeallacht nádúrtha a thabhairt chun réitigh trí pháirt a ghlacadh i bpatrúin éagsúla fáis eacnamaíoch atá níos inbhuanaithe. An t-athrú aeráide a chomhrac agus bealaí a aimsiú chun dul in oiriúint dó; an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú; aistí bia agus stíleanna maireachtála a fheabhsú; beidh tionchar dearfach ag truailliú ón gcomhshaol a laghdú agus a bhaint ar shláinte na saoránach.
Is é Clár EU4Health an clár sláinte is mó de chuid anAontais go dtí seo lena n-infheisteofar €5.3 billiún i ngníomhaíochtaí a bhfuil breisluach AE ag baint leo, lena gcomhlánófar beartais thíortha an Aontais agus lena saothrófar ceann amháin nó níos mó de chuspóirí EU4Health. Is é is aidhm don chlár an tsláinte a fheabhsú agus a chothú san Aontas, daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, táirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a fheabhsú agus córais sláinte a neartú. Tá sé beartaithe ag EU4Health, i measc nithe eile, ‘rannchuidiú le dul i ngleic le tionchar diúltach an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar shláinte an duine’, trí chistiú a chur ar fáil d’eintitis incháilithe. Saothrófar cuspóirí an Chláir, lena n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí uile an Aontais i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, i gcás inarb infheidhme.
Bunaíodh an tÚdarás Eorpach um Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte agus Ullmhacht (HERA) in 2021 agus glacann sé acmhainneacht ullmhachta agus freagartha an Aontais i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte ar leibhéal nua agus beidh sé ina phríomhghné chun Aontas Sláinte Eorpach níos láidre a bhunú. Agus buiséad €6 bhilliún aige don tréimhse 2022-2027, oibríonn HERA chun éigeandálaí sláinte a chosc, a bhrath agus freagairt go tapa dóibh, lena n-áirítear ón athrú aeráide. Oibríonn sé ar dhá bhealach: Roimh ghéarchéim sláinte - i ‘gcéim na hullmhachta’ - oibreoidh HERA i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí sláinte eile de chuid an Aontais agus le gníomhaireachtaí sláinte náisiúnta eile, leis an tionscal, agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun ullmhacht an Aontais le haghaidh éigeandálaí sláinte a fheabhsú. I gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, athraíonn HERA go tapa chuig oibríochtaí éigeandála, déanann sé cinntí tapa agus gníomhaíonn sé bearta éigeandála.
Maidir le hábhair shonracha sláinte, is é is aidhm do straitéis chógaisíochta an Aontais (2023) athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht chógaisíochta chun ceanglais maidir le measúnú riosca comhshaoil agus coinníollacha úsáide le haghaidh cógas a neartú agus chun torthaí an taighde faoin tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha a mheas.
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte ó mhí an Mheithimh 2023, tagraítear don athrú aeráide mar ghné a chuireann le dúshláin mheabhairshláinte. Cuireann sé chun suntais freisin go bhfuil an t-athrú aeráide ina chúis mhór imní do dhaoine óga agus go measann go leor acu go bhfuil a dtodhchaí scanrúil.
Chun cosaintí na hEorpa i gcoinne galair thógálacha a neartú, bunaíodh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) in 2005. Tá ECDC i gceannas ar fhianaise eolaíoch agus ar mheasúnuithe riosca ar ghalair theagmhálacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le haeráid atá ag athrú. Tuairiscíonn tíortha Eorpacha sonraí óna gcórais faireachais do ECDC. Faoi Rialachán 2022/2371, déanfar liosta na ngalar is infhógartha ar leibhéal an Aontais do ECDC a thabhairt cothrom le dáta ionas gur féidir galair a bhrath go tráthúil, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an athrú aeráide. D’fhorbair ECDC an Líonra Eorpach Comhshaoil agus Eipidéimeolaíochta (E3), a sholáthraíonn uirlisí faireacháin fíor-ama ar dhálaí meitéareolaíocha chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le galair uisce-iompartha agus galair veicteoir-iompartha chomh maith le huirlisí eile le haghaidh measúnuithe riosca. Ina theannta sin, déanann ECDC agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) comhordú comhpháirteach ar VectorNet, atá anois ina thríú leagan (2019–2024), ar ardán é a thacaíonn le bailiú sonraí maidir le veicteoirí agus pataiginí i veicteoirí a bhaineann le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine araon. Éascaíonn sé malartú sonraí maidir le dáileadh geografach veicteoirí galar artrapóid san Eoraip.
Déanann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil comhbhainistiú leis an gCoimisiún Eorpach ar an bhFaireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte. Cuireann sé faisnéis láidir neamhspleách ar fáil don lucht déanta beartas faoin gcomhshaol, lena n-áirítear na treochtaí agus na réamh-mheastacháin maidir le guaiseacha aeráide agus a dtionchar ar shláinte an duine.
Bunaíodh an tascfhórsa trasghníomhaireachta ‘Aon Sláinte Amháin’in 2023 agus is tionscnamh comhpháirteach é de chúig ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil sainordú teicniúil agus eolaíoch acu i réimsí na hinbhuanaitheachta comhshaoil, na sláinte poiblí agus na sábháilteachta bia: EEA, ECDC, EFSA, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA). Is é is aidhm do chreat trasghníomhaireachta an tascfhórsa ‘Aon Sláinte Amháin’ le haghaidh gníomhaíochta (2024-26), i measc nithe eile, feabhas a chur ar chumas na ngníomhaireachtaí measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar ghalair thógálacha theagmhasacha trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus trí mhalartú eolais.
I measc na ngníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bhíonn ag plé níos mó agus níos mó le hábhair a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an tsláinte, tá an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) agus an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound).
Tugann go leor beartas eile de chuid an Aontais aghaidh go hindíreach ar na tionchair sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide. Mar shampla, rannchuidíonn spriocanna an Aontais maidir le truailliú aeir a laghdú faoin bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú go díreach le maolú a dhéanamh ar ghalair riospráide agus chardashoithíocha atá níos measa mar gheall ar an athrú aeráide. Beidh comhthairbhí suntasacha sláinte ag baint le gníomhaíochtaí breise chun astaíochtaí tionsclaíocha agus astaíochtaí iompair a rialáil. Is é is aidhm don Rabharta Athchóiriúcháin foirgnimh a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh, ag aithint go mbíonn daoine i bhfoirgnimh nach bhfuil inslithe agus feistithe go maith níos neamhchosanta ar hipiteirmí sa gheimhreadh agus ar strus teasa sa samhradh, go háirithe má bhaineann siad le grúpaí leochaileacha. Leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra a glacadh in 2024, cuirtear i dtábhacht go rannchuidíonn athchóiriú éiceachóras le cuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus sonraítear ann go n-áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon ghlanchaillteanas i limistéar náisiúnta iomlán an spáis ghlais uirbigh ná i gceannbhrat uirbeach na gcrann i limistéir éiceachórais uirbeacha. Tá creatna hAon Sláinte Amháin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an trasnú idir an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus sláinte an duine. Tá sé ríthábhachtach comhar trasearnála a neartú i measc na n-earnálacha sláinte, comhshaoil agus talmhaíochta chun bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an athrú aeráide a mhaolú.
De réir na Treorach maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2023, beidh ar na Ballstáit na heintitis chriticiúla a shainaithint ó liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha le haghaidh earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an earnáil sláinte, le dáileadh, monarú, soláthar cúraim sláinte, agus seirbhísí leighis, agus bearta a dhéanamh chun a n-athléimneacht i gcoinne bagairtí éagsúla a fheabhsú, lena n-áirítear rioscaí don tsláinte phoiblí nó do thubaistí nádúrtha.
Is é is aidhm don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta an comhar idir tíortha an Aontais agus 10 stát rannpháirteacha a neartú chun feabhas a chur ar chosc, ullmhacht agus freagairt do thubaistí. Cuireann sé cur chuige comhpháirteach i bhfeidhm chun saineolas agus acmhainneachtaí na gcéad fhreagróirí a chomhthiomsú, chun dúbláil iarrachtaí fóirithinte a sheachaint agus chun a áirithiú go bhfreastalóidh an cúnamh ar riachtanais na ndaoine a ndéantar difear dóibh nuair a sháraíonn éigeandáil cumais freagartha tíre aonair. Is féidir foirne agus trealamh speisialaithe a shlógadh ar ghearrfhógra lena n-imscaradh laistigh den Eoraip agus lasmuigh di.
Le Treoir Réime OSH, tugtar isteach bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh. Spreagtar leis cosc a chur ar gach riosca ceirde a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ngníomhaíochtaí oibre fostóirí ó gach brainse den ghníomhaíocht eacnamaíoch (poiblí nó príobháideach) agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá n-oibrithe agus dá dtríú páirtithe.
Is é is aidhm do thacsanomaíocht an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe timpeallacht mhaireachtála níos sláintiúla agus níos athléimní ó thaobh na haeráide de a chur ar fáil trí níos mó infheistíochtaí príobháideacha a dhíriú ar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear ar oiriúnú don athrú aeráide.
Is é Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht go dtí 2027. Tá buiséad €95.5 billiún ag gabháil leis, téann sé i ngleic leis an athrú aeráide, cuidíonn sé le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus cuireann sé borradh faoi iomaíochas agus fás an Aontais. Cuireann sé go leor deiseanna cistiúcháin ar fáil le haghaidh taighde agus nuálaíochta maidir le héifeachtaí sláinte an athraithe aeráide, go háirithe faoin mbraisle sláinte mar a thugtar uirthi . Díríonn sé thionscadal taighde agus nuálaíochta Eorpacha atá ar siúl faoi láthair ar thionchair an athraithe aeráide ar an tsláinte agus comhoibríonn siad laistigh den Bhraisle um Shláinte Aeráide chun an tionchar sochaíoch agus beartais atá ag taighde atá maoinithe ag an Aontas agus atá nasctha leis an aeráid, leis an tsláinte agus leis an mbeartas a mhéadú.
Cuid thábhachtach eile d’Fhís Eorpach is ea Misin an Aontais, mar a thugtar orthu – gealltanais chun mórdhúshláin shochaíocha a réiteach – agus lena n-áirítear Misean an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear claochlú sochaíoch. Agus buiséad €673 mhilliún aige, díríonn sé ar thacaíocht a thabhairt do réigiúin, do chathracha agus d’údaráis áitiúla an Aontais ina n-iarrachtaí athléimneacht a chothú i gcoinne thionchair an athraithe aeráide. Tá 312 údarás réigiúnacha agus áitiúla tar éis an Chairt Mhisin a shíniú go dtí seo. Is é is aidhm don Mhisean maidir le cathracha cliste aeráidneodracha aistriú cóir a chothú chun sláinte agus folláine daoine a fheabhsú, le comhthairbhí, amhail cáilíocht aeir fheabhsaithe nó stíleanna maireachtála níos sláintiúla, agus béim á leagan ar an nasc tábhachtach idir oiriúnú don athrú aeráide, maolú ar an athrú aeráide agus sláinte.
Tá an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht maidir leis an aeráid agus an tsláinte á fhorbairt ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair, mar obair leantach ar an gcomhdháil dar teideal ResearchPerspectives on the Health Impacts of Climate Change [Peirspictíochtaí Taighde maidir le Tionchair Sláinte an Athraithe Aeráide]i mí Feabhra 2024. Leis an tionscnamh seo, féachtar leis an mbearna idir taighde agus cur chun feidhme beartais a dhúnadh, lena n-áirithítear go mbeidh idirghabhálacha éifeachtacha sláinte poiblí mar thoradh ar léargais eolaíocha nua.
Tá an fhaisnéis maidir leis na tionscadail taighde arna maoiniú ag creatchláir an Aontais atá ar siúl faoi láthair agus a bhí ann roimhe seo ar fáil i gCatalóg Acmhainní na Faireachlainne.
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?