All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesChun oiriúnú don athrú aeráide a phleanáil ar an leibhéal áitiúil, ní mór tuiscint a fháil ar na guaiseacha aeráide atá ann faoi láthair agus atá réamh-mheasta (féach Céim 2.1 agus Céim 2.2) chomh maith le tuiscint ar earnálacha leochaileacha na cathrach (Céim 2.3). Comhcheanglaítear an dá thoisc sin i measúnú riosca agus leochaileachta. Tá an iliomad modhanna ann is féidir a chur i bhfeidhm chun measúnuithe riosca agus leochaileachta a dhéanamh i gceantair uirbeacha. Tá eolas faoi na cineálacha éagsúla modhanna agus a n-aschuir tábhachtach chun an modh is éifeachtúla agus is éifeachtaí atá le cur i bhfeidhm a roghnú i gcomhréir le hacmhainneachtaí na n-údarás áitiúil.
Ba cheart rioscaí maidir leis an athrú aeráide i gcathair nó i mbaile a thréithriú ó thaobh roinnt gnéithe de: an bhagairt aeráide (dálaí aeráide réamh-mheasta); comhthéacs an tsuímh gheografaigh (e.g. limistéar cósta, réigiún sléibhe, etc.); agus na hearnálacha agus na córais a ndéantar difear dóibh (e.g. sláinte an duine, bonneagar, iompar, calafoirt, fuinneamh, uisce, folláine shóisialta, etc.) lena n-áirítear na tionchair ar na grúpaí is leochailí (e.g. daoine scothaosta, daoine gan dídean, iad siúd atá i mbaol bochtaineachta, etc.).
Tacaíonn an chéim seo le cathracha sínithe Chúnant na Méaraí chun a Measúnú Riosca agus Leochaileachta (RVA) a fhorbairt. Faoi chreat tuairiscithe Chúnant na Méaraí, ionchorpraítear sa Mheasúnú Riosca agus Leochaileachta sonraí maidir le guaiseacha aeráide, earnálacha leochaileacha, acmhainneacht oiriúnaitheach agus grúpaí daonra leochaileacha. Maidir le guaiseacha aeráide, iarrtar ar chathracha sínithe dóchúlacht agus tionchar na nguaiseacha is ábhartha, an t-athrú a mheastar a thiocfaidh ar a ndéine agus ar a minicíocht, chomh maith le hamscálaí, a shainiú. Déantar é sin trí léiriú sainithe ar an leibhéal muiníne. I gcás gach guaise aeráide a shainaithnítear, sainítear na hearnálacha leochaileacha agus a leibhéal leochaileachta. Thairis sin, sainítear measúnú ar an acmhainneacht oiriúnaitheach ar an leibhéal earnála, agus úsáid á baint as catagóirí acmhainneachta oiriúnaitheacha dearfacha, amhail rochtain ar sheirbhísí, acmhainneacht rialtais agus institiúideach, acmhainneacht fhisiceach agus chomhshaoil, eolas agus nuálaíocht. Is féidir freisin táscairí a shannadh do na hearnálacha leochaileacha sainaitheanta agus don acmhainneacht oiriúnaitheach. Tá na comhpháirteanna uile ar a dtugtar tuairisc thuas den RVA, mar aon le táscairí samplacha ar fáil san ardán tuairiscithe MyCovenant (féach freisin an leagan oibre as líne den teimpléad tuairiscithe).
Díríonnmeasúnuithe riosca go príomha ar na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí aeráide, ar fhardal na sócmhainní a bhféadfadh tionchar a bheith acu orthu, ar an dóchúlacht go dtarlódh an tionchar agus ar na hiarmhairtí a bheadh ann dá bharr. Le measúnuithe leochaileachta, leagtar béim ar nochtadh, íogaireacht agus acmhainneacht oiriúnaitheach na gcóras, na sócmhainní agus na ndaonraí. Le measúnuithe comhtháite riosca agus leochaileachta, tugtar aghaidh ar leochaileacht guaiseacha aeráide agus ar thionchair na nguaiseacha sin araon.
Is féidir na modhanna atá deartha le haghaidh measúnuithe riosca agus leochaileachta a roinnt ina modhanna ón mbarr anuas, a bhíonn bunaithe de ghnáth ar shonraí cainníochtúla (e.g. sonraí daonáirimh, samhlacha aeráide íos-scálaithe) agus mapáil úsáide; agus modhanna ón mbun aníos a úsáideann eolas áitiúil go minic chun rioscaí a shainaithint agus ar modhanna cáilíochtúla iad de ghnáth.
Le measúnuithe leochaileachta bunaithe ar tháscairí, úsáidtear tacair táscairí réamhshainithe ar féidir iad a bheith cainníochtúil agus cáilíochtúil araon agus ar féidir measúnú a dhéanamh orthu trí shamhaltú nó trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara araon.
Is féidir modh tapa scagtha riosca, atá bunaithe ar an eolas atá ann cheana, a úsáid go pearsanta chun tuiscint níos soiléire a fháil ar na riachtanais le haghaidh measúnú domhain.
Ba cheart an mhodheolaíocht measúnaithe riosca nó leochaileachta a roghnú faoi threoir na nithe seo a leanas:
- Acmhainní daonna agus airgeadais idir lámha;
- Infhaighteacht sonraí;
- Eolas atá ann cheana;
- Leibhéal rannpháirtíochta na ngeallsealbhóirí;
- Scála agus raon na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann;
- Na cineálacha aschuir is fearr le haghaidh tuilleadh pleanála gníomhaíochta oiriúnúcháin.
Gan beann ar an modh a chuirtear i bhfeidhm, ba cheart na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh sa mheasúnú:
- Treochtaí d’athróga aeráide éagsúla (e.g. meánteocht agus teocht fhoircneach, líon laethanta le teas foircneach, imeachtaí diana báistí, clúdach sneachta), bunaithe go hidéalach ar raon cásanna aeráide éagsúla;
- Na tionchair (dhíreacha agus indíreacha) a bhfuil coinne leo (bagairtí agus deiseanna) trí na guaiseacha is ábhartha a shainaithint chomh maith leis na limistéir den chathair is mó atá i mbaol mar gheall ar fhorleagan ar dháileadh spásúil an daonra iomláin, daonraí leochaileacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus luachanna eacnamaíocha;
- Amscála, amhail gearrthéarmach, meántéarmach (e.g. 2050í) nó fadtéarmach (e.g. deireadh an chéid);
- Léiriú ar an leibhéal muiníne (e.g. ard, meánach, íseal) maidir leis na tionchair sin, d’fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú i bhfianaise an mhéid éiginnteachta a bhaineann leis na torthaí.
I seimineár gréasáin Chúnant na Méaraí ar “Rioscaí agus leochaileachtaí a mheas” tá taithí ar chathracha sínithe an Chúnaint agus a gcur chuige maidir le RVA a dhéanamh.
Reports
Guidance and tools
Language preference detected
Do you want to see the page translated into ?